Northern Ireland Assembly Flax Flower Logo

Do Thionól Féin

Committee for the Environment
Committee foe Education and Learning
Committee for Agriculture
 
Committee for Health, Social Services and Public Safety
Committee for Social Development
    Commonwealth Day

ag obair ar do shonsa

An Tionól...

Is é an Tionól Rialtas cineachta Thuaisceart Éireann. Tá sé ar a chumas dlíthe a achtú ar réimsí leathana dlí mar shampla, ar thithíocht, fhostaíocht, oideachas, shláinte, thalmhaíocht agus ar an timpeallacht. Cruinníonn sé le chéile sna Foirgnimh Pharlaiminte, i mBéal Feirste.

Comhaltaí den Tionól Reachtach (CTR)...

Toghann muintir Thuaisceart Éireann na CTR. Tá 108 CTR ann, 6 cinn ó gach ceann de na 18 toghcheantar i dTuaisceart Éireann. Gairtear toghchán an Tionóil gach ceithre bliana.

Is é ról an CTR dlíthe a achtú agus obair na nAirí agus a gcuid Rann a scagadh

Seisiúin Iomlánacha...

Is iad na seisiúin iomlánacha cruinnithe iomlánacha an Tionóil i Seomra an Tionóil. Seo í an áit ina bpléann na CTR na hábhair thábhachtacha a bhaineann le muintir Thuaisceart Éireann, agus ina n-achtaítear na dlíthe. Gairtear seisiúin iomlánacha Dé Luain agus Dé Máirt. Craoltar beo iad ar láithreán gréasáin an Tionóil. Thig leat amharc ar sheisiún iomlánach ón Áiléar Poiblí atá os cionn an tSeomra.

Coistí an Tionóil...

Is meithleacha de 11 CTR iad Coistí an Tionóil. Oibríonn gach coiste ar ábhar ar leith. Scagann siad dlíthe nua a chuirtear chun cinn, athbhreithnítear obair na nAirí agus a gcuid rann agus scrúdaítear ábhair a bhaineann le hobair an Tionóil.

Ón bhliain 2007 i leith, bhuail coistí an Tionóil leis na céadta duine agus scagadh na hábhair a chuaigh i bhfeidhm ar mhuintir Thuaisceart Éireann ina measc, ábhair shláinte, muirir uisce, teisteanna aistrithe, costais fhuinnimh, sábháilteacht ar bhóithre agus rochtain ar thithíocht.

De ghnáth, cruinníonn na coistí le chéile Dé Máirt, Dé Céadaoin agus Déardaoin. Cuirtear fáilte romhat freastail ar chruinniú coiste le díospóireacht idir na CTR a chluinstin.

Na Foirgnimh Pharlaiminte...

Tá na foirgnimh ar oscailt don phobal idir 9.00r.n. go dtí 4.00i.n., Luan go hAoine. Gabh i dteagmháil le CTR nó leis an tSeirbhís Oideachais le turas a dhéanamh ar an fhoirgneamh ar leith seo.

Do Thionól Féin...

Cuirtear Clár Cuairte ar fáil do na scoileanna agus do ghrúpaí ar leith atá ag iarraidh fáil amach faoi Thionól Thuaisceart Éireann. Cuirtear ar fáil acmhainní oideachais fosta i dtaca le múinteoireacht is léann.

Tá clár for-rochtana ar fáil fosta, clár ina gcuirtear cuairt ar an phobal áitiúil le daoine a chur ar an eolas faoi obair an Tionóil.

ag obair ar do shons

Má bhíonn tú ag iarraidh níos mó eolais a fháil amach faoi Thionól Thuaisceart Éireann?

  • Gabh isteach an láithreán gréasáin
    archive.niassembly.gov.uk
  • Cuir scairt orainn nó cuir ríomhphoist chugainn le do chuid ceisteanna
  • Amharc ar sheisiún iomlánach an Tionóil Dé Luain nó Dé Máirt
  • Tabhair cuairt ar chruinniú coiste sna Foirgnimh Pharlaiminte nó i do cheantar áitiúil féin
  • Gabh i dteagmháil le do CTR féin le turas ar an fhoirgneamh a shocrú
  • Tabhair cuairt ar Fhoirgnimh na Parlaiminte (Luan go hAoine) leis an Halla Mór agus an siopa féiríní a fheiceáil

Public Information Office
Northern Ireland Assembly
Parliament Buildings
Belfast, BT4 3XX

Fón: 028 9052 1333
Facs: 028 9052 1966
Ríomhphost: info@niasssembly.gov.uk
Láithreán gréasáin: archive.niassembly.gov.uk

Má bhíonn ceisteanna ar bith agat faoi
Thionól Thuaisceart Éireann gabh
i dteagmháil le hOifig Faisnéise don Phobal.

ag obair ar do shonsa

Irish Translation